Tá fear a bhí thart ar 65 bliain d'aois tar éis bháis de bharr tionóisc tráchta ina raibh 3 charr i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe.

Ag Crois na Fuinseoige thart ar leathuair tar éis a sé tráthnóna inné a tharla sé.

Ag tiomáint cheann de na carranna a bhí an fear a bhásaigh, tamall tar éis na tubaiste, in Ospidéal Ollscoile Portiuncula.

Tugadh duine eile chuig an ospidéal ach níl an duine sin gortaithe go dona.

Tá foireann dlí-eolaíoch na nGardaí i mbun fiosruithe faoin timpiste agus táthar ag lorg cúnamh an phobail, go háirid ó thiománaithe a bhí sa gceantar idir a 6 agus 6.45 agus a bhfuil deais-cheamara acu.

Iarrtar ar dhaoine a ghabháil i dteagmháil leis an stáisiún i mBéal Átha na Sluaighe ag 090 963 1890 nó ag 1800 666 111.