skip to main content

Rás Foirmle a haon, caiple gan úsáid agus racht feirge faoin Ghaeilge

Rás Foirmle a haon, caiple gan úsáid agus racht feirge faoin Ghaeilge
Rás Foirmle a haon, caiple gan úsáid agus racht feirge faoin Ghaeilge

Cáipéisí Stáit: Sé rud a d'fhoghlaim muid ó cháipéisí an Stáit i mbliana

Breandán Delap

1. Moladh Rás Foirmle a hAon a reáchtáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath

Rinne an eagraíocht Liffey Trust iarratas i 1992 chuig an Taoiseach, Albert Reynolds, ar rás Fhoirmle a hAon a reáchtáil ar shráideanna na príomhchathrach. In sa phlean gnó a cuireadh faoi bhráid roinnt ranna stáit éagsúla, dúradh go meallfadh an rás 30,000 cuairteoir breise chun na tíre. Bhíothas ag iarraidh go ndéanfadh an rialtas maoiniú ar an rás trí airgead ón Chrannchur Náisiúnta. Bhí sé molta an rás a chur ar siúl i bPáirc Fhionnradhairc agus go rachadh sé trí Marino, Cluain Tarbh agus an Port Thoir. Bheadh stráice 2.3 míle i gceist, beagáinín níos mó ná an ráschúrsa i Monacó. Sheol Rúnaí Príobháideach an Taoisigh, Paddy Teahon, admháil chuig an Iontaobhas ach ní léir ó chomhaid an stáit gur ndearnadh aon dianmhachnamh faoin phlean gnó.

Moladh rás Foirmle a hAon a reachtáil i mBÁC

2. Féirín de Chapaill Gan Úsáid

Ghabh an Taoiseach, Charles Haughey, buíochas ó chroí le teaghlach fhear saibhir as Meiriceá a bhronn seacht gcapall de phór 'Fásach Arabach' ar an Stát sa bhliain 1989. Ba le linn chuairt an Taoisigh ar na Stáit Aontaithe níos luaithe an bhliain sin a gheall an saineolaí ealaíne, Vincent Malzac, don Taoiseach go mbeadh sé ag bronnadh na gcapall ar Éirinn mar aitheantas ar an traidisiún i leith porú capall sa tír. Bhí sé i gceist ag an Taoiseach turas poiblíochta a thabhairt ar an Ghraífheirm Náisiúnta chun breathnú ar na capaill agus tugadh cuireadh do na meáin chumarsáide dul ann. Ach cuireadh an ócáid ar ceal gan mórán fógra de bharr eolas a thug saineolaithe don Taoiseach faoi chaighdeán na gcapall: "he had received information to the effect that the horses were of a very poor standard and in the circumstances it could be embarrassing if he were to visit the Stud to inspect them," a dúradh i gcáipéis de chuid Roinn an Taoisigh.

3. Díomá agus Ceiliúradh faoi mhaoiniú Gaelscoile

I mí Aibreáin 1998 fuair lucht riartha Bhunscoil Phobal Feirste drochscéala. Cé go raibh 350 dalta ag freastal uirthi dúradh leo nach mbeidís ag fáil maoiniú le haghaidh foirgneamh úr. Scríobh príomhoide na scoile, Diarmuid Ó Tuama, chuig an Aire Éamon Ó Cuív agus dúirt leis go raibh "fearg an domhain" air.

Éamon Ó Cuív T.D.

Bhí díomá ar phobal na Gaeilge i gcoitinne nach raibh an bhunscoil curtha san áireamh sa chlár caipitil don bhliain 1998. I 1984 a bunaíodh an bhunscoil agus bhí 17 mbliana caite acu i bhfoirgnimh shealadacha. Labhair Gerry Adams le Príomhaire na Breataine, Tony Blair, agus leis an Taoiseach, Bertie Ahern, faoi. Ba léir dó nár chuir an Roinn Oideachais ó Thuaidh (DENI) a gcuid dualgis úra i leith na Gaelscolaíochta (mar a bhí beachtaithe i gComhaontú Aoine an Chéasta) san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh. Pléadh an cheist fosta ag cruinniú de chuid na Rúnaíochta Angla-Éireannaí.

Ach bhí a mhalairt poirt ag an Tuamach taobh istigh de thrí seachtainí. Ar an 11 Bealtaine iarradh air gan choinne freastal ar chruinniú le Státrúnaí an Tuaiscirt, Mo Mowlam. Tháinig an mhéid a bhí le rá aici aniar aduaidh ar an bpríomhoide. Chuirfí £2m ar fáil do Bhunscoil Phobal Feirste chun foirgneamh úr a thógáil. Ar ndóigh, chuir an Tuamach fáilte ar leith roimh an fhógra seo ó tharla nach raibh an bhunscoil ag lorg ach £1.2m! Seo a leanas an cur síos a rinne Máirín Ó Fainnín ón Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an chruinniú: "Ó Tuama said that the SOS [Mowlam] did all the talking on her side of the table at what was a very friendly meeting. He described the DENI officials as 'unhappy looking.'"

4. Droch-choinníollacha d'fhoireann idirbheartaíochta Shinn Féin

Cúpla mí sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta rinne Gerry Adams gearán faoin lóistín a cuireadh ar fáil do Shinn Féin i bhfoirgnimh an Chaisleáin - an áit ar tharla an idirbheartaíocht uilig.

Bhí an príomhsheomra a cuireadh ar fáil don toscaireacht iontach beag agus ní raibh aon fhuinneog air. Cé nach raibh na seomraí a tugadh do Shinn Féin a dhath níos measa ná na cinn a bhí ag an Women's Coalition ná ag Páirtí an Lucht Oibre bhí siad ar chaighdeán níos ísle ná cinn an SDLP! D'fhiafraigh Siobhán O'Hanlon ó thoscaireacht Shinn Féin ar na húdaráis an mbeidís sásta seomra beag a bhí buailte ar phríomhsheomra na Rúnaíochta a chur ar fáil dóibh. Géilleadh don éileamh seo ar an choinníoll go ndruidfí doirse áirithe sa dóigh is nach mbeadh ionadaithe an pháirtí ábalta siúl isteach sa Rúnaíocht gan choinne.

Gearán déanta ag Sinn Féin faoina gcuid lóistín

5. Racht Feirge Alderdice i leith na Gaeilge

Sna laethanta beaga sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí ionadaithe ó na páirtithe éagsúla ag cur páipéir éagsúla i láthair Chathaoirleach na gcainteanna faoi ghnéithe ar leith den idirbheartaíocht, an Ghaeilge ina measc. Rinne ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, John Alderdice, ionsaí fíochmhar ar an Seanadóir George Mitchell, an Cathaoirleach, i gcur a láthair a rinne sé ar an 7 Aibreán 1998. Dúirt sé go mbeadh foghlaim na Gaeilge éigeantach i scoileanna an Tuaiscirt go luath mar go raibh an Seanadóir Mitchell agus a chuid comhghleacaithe ag géilleadh i bhfad barraíocht don dá rialtas. Ní raibh aon mhuinín aige as an Seanadóir Mitchell mar Chathaoirleach neamhspleách a thuilleadh de bharr a sheasaimh i leith na Gaeilge. "Startling" a thug David Donoghue ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an chur i láthair seo.

Líomhaintí déanta ag John Alderdice faoi George Mitchell (sa lár)

6. Aerfoirt Réigiúnacha agus an Cháin Taistil

Theip ar iarrachtaí an Aire Iompair agus Turasóireachta, Séamus Brennan, i 1991 díolúine a fháil do na haerfoirt réigiúnacha ón cháin taistil a bhíodh ar phaisinéirí a íoc. Bhí brú mór ar na haerfoirt réigiúnacha agus ar na heitleáin a d'eitil astu ag tús na nóchaidí. Chaill Aer Lingus luach £2m agus Ryanair £1.4m as a gcuid seirbhísí chuig na haerfoirt seo. Chuir an tAire Brennan meamram os comhair an Rialtais ar an 12 Márta 1991 ag lorg cead díolúine ón cháin taistil (£5) a thabhairt do phaisinéirí a bheadh ag eitilt thar sáile go díreach ó na haerfoirt réigiúnacha nó trí Aerfort Bhaile Átha Cliath. Chosnódh an beartas seo £0.35m ar an Státchiste. Bhí sé ag iarraidh fosta go mbeadh cead ag na haerlínte ardú £5 a chur ar a gcuid praghsanna. Bhí an tAire Brennan ag iarraidh go gcuirfí £1m ar leataobh fosta le haghaidh feachtas margaíochta do na haerfoirt. Chuir Aire Airgeadais an ama Albert Reynolds agus an tAire Tionscail agus Tráchtála Des O'Malley in éadan an mholta. Bheadh na báid farantóireachta ag lorg an fhaoisimh chéanna, dar leo, rud a bheadh "dangerously counter to normal Government tax policy." Dúirt na hAirí Reynolds agus O'Malley go raibh 'blas praghas-socraithe' ar an mholadh go dtiocfadh ardú ar tháillí na n-aerlínte. Níor ghlac an tAire Brennan leis an dearcadh sin: "Any suggestion of anti-competitive pricing is a total exaggeration of the real situation."

I ndeireadh ama, bheartaigh an Rialtas gan díolúine ón cháin a bhronnadh ar na haerfoirt réigiúnacha ach cheadaigh siad ardú sna táillí agus cuireadh allúntas ar leataobh don fheachtas margaíochta.

* Craolfar Siar 20 Bliain ar TG4 ar an 29 Nollaig ag 7.15pm