Dúirt Uachtarán Aontas Cógaiseoirí na hÉireann,Dermot Twomey, go bhfuil deacrachtaí ag cogaslanna theacht ar antaibheathaigh áirithe faoi láthair.
Deir sé go mbeidh cógaisí go leor nach mbeidh siad in ann a fháil go gairid.
D'iarr sé go mbunófaí eagraíócht stáit le déileáil leis an gcás.
Tá sé ráite ag na húdaráis sláinte go bhfuil siad ag smaoineamh antaibheathaigh a úsáid le cosaint a thabhairt do dhaoine i dtaca leis an víreas Strep A.
Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) gurb é Strep A ba chionsiocair le bás chailín óg 4 bliana i mBaile Átha Cliath níos túisce sa tseachtain.