Tá sé fógraithe ag Stát Rúnaí an Tuaiscirt,Chris Heaton Harris go dtiocfaidh an ciorrú pá ar chomhaltaí tionóil Stormont i bhfeidhm ar an 1Eanáir.

Ciallóidh seo go laghdófar an bunphá bliantúil de £51,000 beagnach £10,000 in aghaidh na bliana.

Theip inné , don 5ú huair,Comhthionól an Tuaiscirt a chur ar ais ag feidhmiú arís.

Tá cúrsaí i sáinn ansin ón uair nach bhfuil páirtí an DUP sásta dul i mbun comhrialtais go dtí go socraítear a deir sé an chonspóid maidir le Prótacál an Tuaiscirt.

Deir an DUP gur beag seans go n-áiteoidh ciorrú pá ar a chuid comhaltaí a n-intinn a athrú.

Moladh gur ar chomhaltaí tionóil an DUP amháin a chuirfí an ciorrú pá i bhfeidhm.

Dúirt an Stát Rúnaí Heaton Harris áfach go bhféadfaí dúshlán dlí a thabhairt ina choinne seo.