Tá an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue i ndiaidh scríobh ag Airí Rialtais eile i dtaca le dlíthe níos géire a thabhairt isteach chun madraí a choinneáil faoi smacht.

Tá roinnt Aireachtaí Stáit eile freagrach as na dlíthe seo.

Deir an tAire McConalogue go gcaithfear a chinntiú go mbeidh úinéirí freagrach as a gcuid madraí.

Cuireadh droch-bhail ar bhuachaill óg 9 mbliana i gCo.Loch Garman an mhí seo caite nuair a d'ionsaigh madra é.