Tá coiste nua Oireachtais le bunú chun scrúdú a dhéanamh maidir leis an mbealach a gcuirtear reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) i bhfeidhm sa tír seo.

Go dtí seo, fágtar faoi Airí Rialtais é aon dlí a thagann ón mBruiséal a shíniú gan é chur faoi bhráid na Dála nó an tSeanaid.

Bhí Cathaoirleach an tSeanaid Mark Daly lárnach sa bhfeachtas leis an gcóras seo a athrú.

Dúirt seisean go bhféadfaí na milliúin euro a shábháil ar cháiníocóirí na tíre dá gcinnteofaí dlíthe na hEorpa a chur i bhfeidhm faoin spriocdháta a thugtar dóibh.