Deir foras monatóireachta, a choinníonn súil ar ghrníomhaíocht pharamíleata i dTuaisceart Éireann gur ann i gcónaí do ghrupaí armtha agus go bhfuil tionchar ollmhór acu i bpobail áirithe.

Sin é tuairim an choimisiúin neamhspleáigh a bhunaigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine i dteannta pháirtithe Stormont chun súil a choinneáil ar leibhéal an fhoiréigin bainteach le cúrsaí slándála ó thuaidh.

Deirtear sa tuarascáil bhliantúil atá foilsithe gur cuid den ghnáth-shaol i gcónaí é i bpobail áirithe go mbuailfeadh, go ngoinfeadh agus fiú go maródh baill d'eagraíochtaí paramíleata daoine.

Deir sé gur díol mór imní nár cuireadh plean ceart i bhfeidhm riamh chun struchtúir pharamíleata a bhaint ó chéile sna blianta a lean Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Seo í an 5ú tuarascáil bhliantúil ón bhforas.

Molann sé mar chlabhsúr go ndéanfaí tréaniarracht le linn chomóradh 25 bliain shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 2023 a áiteamh ar ghrúpaí paramíleata staonadh óna gcuid gníomhartha.