Bhí comhaltaí ar ais sa Tionól i dTuaisceart Éireann inniu agus iarracht ar bun acu Comhthionól Stormont a chur ar ais ar a chosa.
Theip orthu áfach don cúigiú huair, na hinstitúidí polaitíochta a athbhunú.
90 comhalta (MLA) atá tofa do Chomhthionól Thuaisceart Éireann, shínigh aon trian díobh an achainí go dtabharfaí ar ais an Feidhmeannas ó thuaidh agus chuir rún chun cinn ar ghéarchéim an chostais maireachtála.

Deir an DUP áfach nach dtacóidh sé leis an bpróiseas ceann comhairle a thoghadh go dtí go sásaítear é i dtaobh Phrótacál Thuaisceart Éireann.
Tá sé 10 mí anois ó bhí Rialtas ag feidhmiú anseo.
Aréir dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt,Chris Heaton-Harris go raibh sé de rún aige tuarastal na mball comhthionóil a ghearradh 27.5%.
Níor dhearbhaigh sé cén uair a tharlódh seo áfach.
Tá sé ráite ag gníomhaithe Gaeilge ó thuaidh go gcaithfidh an Státrúnaí Heaton-Harris gníomhú anois agus an tAcht Gaeilge, a fuair beannacht Rí Shasana inné, a chur i bhfeidhm láithreach.