Tá sé tugtha le fios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) go bhfuil iarrtha ar dhochtúirí teaghlaigh agus ar ospidéil a bheith san airdeall maidir le comharthaí sóirt ionfhabhtuithe Strep A.

Bhí Príomh Oifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr.Colm Henry os comhair an Chomhchoiste OIreachtais ar chúrsaí sláinte agus dúirt sé gur frídín coitianta é an Strep-A le linn tréimhsí an Earraigh agus an tSamhraidh.

Thug an HSE le fios inniu go bhfuil líon na gcásanna Strep A ag méadú sa tír seo agus an chuma ar an scéal go mbeidh muid ar aon dul leis an Bhreatain.

An Dr Breda Smyth

Tá an roinn cosanta sláinte de chuid na seirbhíse sláinte phoiblí i mbun cruinnithe inniu féachaint le straitéis a oibriú amach chun dul i ngleic leis an fhadhb.

Níos túisce inniu dúirt Príomh Oifigeach Leighis an HSE,An Dr.Breda Smyth go raibh fiosrúchán ar bun i gcónaí lena dhéanamh amach an raibh Strep A ina chionsiocair báis ag leanbh 4 bliana d'aois inné.