Tá corp ógánaigh faighte i gclais le taobh bóithrín i gCo Thír Eoghain agus daoine amuigh ag cuardach déagóra atá ar iarraidh ó oíche Dé Sathairn.
Chuaigh Matthew McCallan, 15, ar iarraidh tar éis dó a bheith ag féile ceoil i bhFionntamhnach.
As Dún Geanainn ó dhúchas é an dalta scoile.
Bhí na sluaite sa gceantar ag cuardach le dhá lá agus fritheadh corp tráthnóna thart ar dhá mhíle ó láthair na féile.
Deir na póilíní go bhfuil siad fós i mbun fiosraithe agus fós ag lorg cúnaimh ó éinne a mbeadh aon eolas acu.