Tá gníomh tionsclaíoch ar bun ag 2 cheardchumann lucht leighis i dTuaisceart Éireann.

Tá baill sna cumainn Unison agus NIPSA i mbun gnímh de bharr aighnis faoi phá.

Ní oibreoidh siad tada sa mbreis ar a gcuid uaireanta faoi chonradh a deir siad agus beidh siad ag dul amach ar stailc seachtain ó inniu.

Tá géarchéim sa gcóras sláinte a deir an lucht oibre agus déanfar gach iarracht a deir siad le linn an aighnis a chinntiú go mbeidh tús áite ag sábháilteacht.

Tá an RCN, Coláiste Ríoga an Altranais, iad féin le dhul ar stailc ar fud na Ríochta Aontaithe ón 15ú go 20ú Nollag.

Mí Iúil mhol comhaltas neamhspleách a rinne athbhreithniú ar phá gur chóir do lucht sláinte £1,400 sa mbreis a fháil sa bpá, ach níl an t-ardú sin bronnta fós ar an meitheal ó thuaidh.