Tá bean atá thart ar 35 bliain d'aois gafa ag na Gardaí i Loch Garman atá i mbun fiosraithe faoi mhadra a rinne ionsaí ar ghasúr an mhí seo caite.

Gortaíodh go dona Alejandro Miszan nach bhfuil ach 9 mbliana nuair a d’ionsaigh an gadhar é, Dé Domhnaigh an 27ú Samhain.

Ar maidin a gabhadh an bhean agus tá sí á coinneáil i stáisiún na nGardaí in Inis Córthaidh.

Tá an fiosrúchán faoin ionsaí fós sa tsiúl arsa Gardaí.