Tá fear tar éis admháil go raibh baint aige le marú déagóra i nDroichead Átha 3 bliana ó shin - fear a bhí á fhiosrú mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí faoi dhúnmharú Keane Mulready-Woods.
Phléadáil Paul Crosby, 26, as Páirc Ráth Maoláin i nDroichead Átha, ciontach inniu i bpáirt a bheith aige i marú an ógánaigh agus cuireadh siar faoi choinneáil é go mí Eanáir nuair a ghearrfar pionós air.
Fritheadh corp Keane Mulready-Woods ina phíosaí i mBaile Átha Cliath agus i gCo Lú.
Bhí Paul Crosby ar dhuine de na príomhphearsana a bhí á bhfiosrú ag na Gardaí mar chuid den Fheachtas Status a bunaíodh le deireadh a chur leis an achrann leanúnach idir 2 ghrúpa coiriúil i nDroichead Átha.
Tá ceathrar maraithe sa réigiúin in oirthear agus i dtuaisceart na tíre de bharr an achrainn, an buachaill 17 bliain d’aois ina measc.
Bhí Keane Mulready-Woods amuigh ar bannaí agus faoi chuirfiú nuair a chuaigh sé ar iarraidh mí Eanáir 2020.
Maraíodh an déagóir i dteach ar Pháirc Ráth Maoláin agus fritheadh píosaí dá chorp ina dhiaidh sin san ardchathair - i páirc sa gCúlóg agus i gcarr a bhí curtha tré thine ar Bhóthar Chluain Life – agus ar Pháirc Ráth Maoláin i nDroichead Átha.
Níor deimhníodh riamh céard ba chion tsiocair lena bhás.
Cuireadh a dhúnmharú i leith Paul Crosby agus i leith Gerard Cruise, 47 bliain d’aois.
Tar éis do Paul Crosby pléadáil ciontach inniu sa gCúirt Choiriúil Speisialta, thug abhchóide Gerard Cruise le fios don chúirt go mbeadh a chliant seisean ag pléadáil ciontach freisin an mhí seo chugainn.