Tá Ceannasaí Réamhaisnéisiú Oifig na hAimsire tar éis fainic a chur ar dhaoine go dtitfidh an teocht go "lúide 6C nó lúide 7C" amach sa tseachtain agus go bhfuil sneachta geallta i dtuaisceart na tíre oíche Dé Céadaoin.

Aimsir bhreá atá geallta as seo go ceann cúpla lá, go mbuailfidh fronta fuar an tír arú amárach, rud a thabharfaidh aer Artach aduaidh.

Ó Déardaoin go dtí an Luan dár gcionn is ar éigin a rachaidh an teocht mórán os cionn an reophointe agus reofaidh sé thar oíche a deir Evelyn Cusack, chomh híseal a deir sí le 7 gcéim faoi.

Caithfidh sé múraíl throma ón gCéadaoin ar aghaidh agus tá sneachta geallta i dTír Chonaill agus soir trasna Thuaisceart Éireann, chomh maith leis an gCabhán, Muineachán agus in áiteacha i Sligeach, i Liatroim agus i Maigh Eo a deir an réamhaisnéisí.

Is é an chéad uair le 3 bliana é a deir sí "tréimhse geimhriúil" a bheith geallta don oileán agus beidh daoine ann a deir sí a dtiocfaidh sé aniar aduaidh orthu.

Mhol sé do dhaoine comhairle a lorg ón suíomh winterready.ie