Deir Gobharnóir an Bhainc Cheannais go bhfuil 50 bonnphoine d'ardú ar rátaí úis ag teastáil ag cruinniú mhí na Nollag de Bhanc Ceannais na hEorpa (an ECB).

Ag labhairt dó ag an Institiúid do Ghnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta dúirt Gabriel Makhlouf freisin go gcaithfidh an ECB glacadh leis go gcaithfear srian a chur ar rátaí iasachtaí as seo go ceann tréimhse.

Comhalta é Gabriel Makhlouf ar Chomhairle Rialaithe an ECB agus dúirt sé chomh maith go bhfuil sé róluath a bheith ag caint ar chríochphointe na rátaí agus an saol chomh héiginnte i láthair na huaire.

"2% an sprioc atá againn don ráta boilscithe" a dúirt sé "ach is ag 9% a bhí an ráta i nÉirinn mí na Samhna, agus 10% i gCrios an Euro san iomlán. Tá tíortha ann fiú a bhfuil 20% d’ardú ag teacht ar phraghasanna, tíortha atá i dtuilleamaí sholáthar fuinnimh as an Rúis".

Ó mhí Iúil tá 2% sa mbreis curtha ar rátaí úis ag an ECB, i 3 ghála éagsúla.

An 15ú Nollag arís a bheidh cruinniú acu, ag a n-ardófar na rátaí tuilleadh creidtear.

Ach deir lucht anailíse go bhfuil an ráta boilscithe ag titim de bheagán agus go mb’fhéidir nach n-athrófaí na rátaí chomh mór is a bhí beartaithe.