Tá rialú déanta sa gCúirt Choiriúil Speisialta go bhfuil na taifid rúnda a rinne na Gardaí ar chomhrá idir Gerard Hutch agus iarchomhairleoir de chuid Shinn Féin, Jonathan Dowdall, le linn dóibh a bheith i dTuaisceart Éireann inghlactha mar fhianaise i gcoinne Gerard Hutch i dtrial dúnmharaithe.
Bhí agóid déanta ag Gerard Hutch i gcoinne na dtaifead ar an mbonn gur tugadh faoin bhfaireachas taobh amuigh de theorainneacha an stáit.
Rinne na Gardaí gluaisteán Jonathan Dowdall a bhugáil agus taifeadadh an comhrá ar 7 Márta 2016.

Rialaíodh sa gCúirt Choiriúil Speisialta inniu nach bhfuil sé de chumhacht ag na Gardaí fianaise a bhailiú i stát eile.
Ach dúirt an Breitheamh Tara Burns go raibh an chúirt sásta go raibh na Gardaí macánta agus nach raibh sé ar eolas acu go raibh a gcuid gníomharthaí mídhleathach.
Tá Gerard Hutch ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne a lámhachadh agus a maraíodh in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath ar 5 Feabhra 2016. Ba bhall den bhuíon choirpeach Kinahan é David Byrne.