Tá fiche bliain príosúin gearrtha ar fhear, 39 bliain d'aois as beirt ghardaí, a lámhach agus a ghortú. Tá 24 mí den téarma curtha ar fionraí.

Phléadáil Daniel Goulding, a bhfuil seoladh aige ar Gharrán an Teampaill Bháin i gCluain Saileach, ciontach in iarracht a dhéanamh beirt Ghardaí a dhúnmharú taobh amuigh dá theach cónaithe ar 25 Bealtaine 2021.

Roghnaigh na Gardaí a n-ainm a cheilt.

Ag an Príomhchúirt Choiriúil inniu, dúirt an Breitheamh Paul McDermott go bhfuil na coireanna seo ar chuid de na coireanna is tromchúisí sa tsochaí, ach thug sé le fios gur ghlac Daniel Goulding leis go poiblí leis an bhfreagracht nuair a léirigh sé go mbeadh sé sásta pléadáil ciontach.

Scaoil Daniel Goulding leis na Gardaí ón bhfuinneog thuas staighre ina theach. Gortaíodh an bheirt fhear sa chos agus gortaíodh lámh duine amháin acu.

Thug siad fianaise gur mhair an eachtra lámhaigh trí noiméad. D'éirigh leo tearmann a fháil taobh thiar de charr agus scaoil siad ar ais le Daniel Goulding.

Tugadh fianaise sa gcúirt gur diagnóisíodh roimhe seo go bhfuil scitsifréine pharanóideach ar Daniel Goulding agus gur bhain a iompar ar an lá úd leis an saol scoite uaigneach a bhí aige.