Maraíodh suas le 13,000 saighdiúr de chuid na hÚcráine sa trodaíocht ó chuir an Rúis tús lena n-ionradh ar an tír sin i mí Feabhra, a dúirt oifigeach i gCív inniu.

"Tá meastúcháin oifigiúla faighte againn, a léiríonn gur idir 10,000 saighdiúr agus 13,000 atá caillte", a dúirt Mykhailo Podolyak, atá mar chomhairleoir sinsearach d'Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.

I mí an Mheithimh, le linn cathanna i réigiún Lugansk, dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh suas le 100 saighdiúr de chuid na hÚcráine á marú gach lá.

Dúirt Aire Cosanta na Rúise, Sergei Shoigu, gur maraíodh 5,937 saighdiúr de chuid na Rúise le linn an chogaidh go nuige sin.

Tá sé curtha i leith na n-údarás - ar an dá thaobh - go bhfuil i bhfad Éireann níos mó caillte ná mar atá tugtha le fios acu, ach ar mhaithe le meanma na dtrúpaí, go bhfuil meastúcháin ísle curtha ar fáil go poiblí acu.

"Ní chaillfidh muid misneach. Beidh muid saor go deo. Ní bheidh muid riamh arís mar chloch bheag in impireacht mhór", a dúirt an tUachtarán Zelensky inné.

D'áitigh saineolaí míleata de chuid na Stát Aontaithe, an Ginearál Mark Milley, an mhí seo caite gur maraíodh nó gur gortaíodh suas le 100,000 Rúiseach sa trodaíocht le seacht mí anuas agus is dócha, a dúirt sé, go bhfuil an méid dochair chéanna déanta d'fhórsaí na hÚcráine.

Ach níl an meastúchán sin de chuid na Stát Aontaithe deimhnithe go neamhspleách.

Idir an dá linn, thug an tUachtarán Zelensky le fios inné go gcuirfear smachtbhannaí ar eagrais reiligiúnacha san Úcráin a bhfuil baint acu leis an Rúis.

Dúirt sé ina óráid aréir freisin gur cothrom an lae inné (1 Nollaig) 31 bliain ó shin, gur vótáil muintir na hÚcráine ar son neamhspleáchais ón Aontas Soivéadach.

"Ní chaillfidh muid misneach. Beidh muid saor go deo. Ní bheidh muid riamh arís mar chloch bheag in impireacht mhór", a dúirt an tUachtarán Zelensky.

Níos túisce, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go dtabharfaí Vladimir Putin chun cuntais as an ionradh atá déanta aige ar an Úcráin.

Ach tá sé curtha i leith na Stát Aontaithe agus ECAT ag an Rúis go bhfuil a ladar curtha isteach acu sa gcogadh agus go bhfuil an teannas níos measa dá bharr.