Tá scrúdú iarbháis le déanamh inniu ar chorp bheirt fhear, a fuarthas i gContae Mhuineacháin inné.

Creideann na Gardaí go bhfuil baint ag bás na beirte lena chéile. Thángthas orthu in dhá áit éagsúla, ach i bhfoisceacht a chéile.

Deir na Gardaí go bhfuarthas corp duine de na fir ag 6.30 maidin inné i dteach i mbaile fearainn an Chnoc Riabhaigh, Achadh an Bhrúim, gar do Bhaile na Lorgan.

Deir na Gardaí go bhfuarthas corp duine de na fir ag 6.30 ar maidin i dteach i mbaile fearainn an Chnoc Riabhaigh, Achadh an Bhrúim, gar do Bhaile na Lorgan.

Meastar de bharr a sháite a bhásaigh an fear, a bhí 60 bliain d'aois.

Fuarthas corp an dara fear, a bhí 37 bliain, leathuair an chloig ina dhiaidh sin ar an mbóthar i nDroichead Bhéal Átha na Cora achar gearr ón teach.

Tuigtear go raibh carr tar éis é a leagan.

Tuigtear gur ciontaíodh an fear is sine a maraíodh i gcoir gnéis 20 bliain ó shin agus tá na Gardaí anois ag fiosrú an raibh aon bhaint ag na básanna leis an gciontú sin.

Tá an bheirt fhear aitheanta ag na Gardaí agus tá siad ag fiosrú an raibh aithne acu ar a chéile, nó an raibh faltanas acu dá chéile, nó go deimhin an ndearnadh líomhaintí d'aon saghas in aghaidh ceachtar acu.

Tá an ceantar in aice na teorann agus tá póilíní an Tuaiscirt ag cabhrú leis na Gardaí ina gcuid fiosrúchán.

Is ar thorthaí na scrúduithe iarbháis - atá le déanamh in Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha inniu - a bhunóidh na Gardaí a bhfiosrúchán, a deir siad.