Creideann na Gardaí go bhfuil baint ag bás bheirt fhear i gCo Mhuineacháin le chéile. Thángthas ar choirp na beirte in dhá áit éagsúla - ach i bhfoisceacht a chéile - go moch ar maidin inniu.

Deir na Gardaí go bhfuarthas corp duine de na fir ag 6.30 ar maidin i dteach i mbaile fearainn an Chnoc Riabhaigh, Achadh an Bhrúim, gar do Bhaile na Lorgan.

Meastar de bharr a sháite a bhásaigh an fear a bhí 60 bliain d'aois.

Fuarthas corp an dara fear, a bhí 37 bliain, leathuair an chloig ina dhiaidh sin ar an mbóthar i nDroichead Bhéal Átha na Cora achar gearr ón teach.

Tuigtear go raibh carr tar éis é a leagan.

Tá na Gardaí den bharúil go raibh an fear is óige sa teach i gCnoc an Riabhaigh tamall gairid sular bhásaigh sé.

Tá an bheirt fhear aitheanta ag na Gardaí agus tá siad ag fiosrú an raibh aithne acu ar a chéile, nó an raibh faltanas acu dá chéile, nó go deimhin an ndearnadh líomhaintí d'aon saghas in aghaidh ceachtar acu.

Tá an ceantar in aice na teorann agus tá póilíní an Tuaiscirt ag cabhrú leis na Gardaí ina gcuid fiosrúchán.

Tá foireann Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána ag scrúdú na háite i gcónaí agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh fós ar choirp na beirte.

Is ar thorthaí na scrúduithe sin a bhunós na Gardaí a bhfiosrúchán, a deir siad.