Tá diúltaithe d'achomharc a rinne iar-iriseoir in RTÉ in aghaidh a chiontaithe as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean nuair a bhí sí ina codladh agus in aghaidh mhéid na pianbhreithe a gearradh air.

Ciontaíodh Mícheál Ó Leidhin, 38 bliain d'aois, níos túisce i mbliana san ionsaí gnéasach a tharla in 2018 agus gearradh príosún ocht mí dhéag air, na trí mhí dheireanacha ar fionraí.

Thug an t-íospartach cuntas sa triail ar cé chomh mór agus a ghoill an t-ionsaí uirthi agus dúirt go raibh a háit sa saol imithe amú uirthi dá bharr.

Tuairisceoir polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i Mícheál Ó Leidhin agus chuir RTÉ deireadh lena chonradh fostaíochta nuair a ciontaíodh é.

Sa Chúirt Achomharc inniu, diúltaíodh do dhá iarratas Mhíchíl Uí Leidhin an ciontú féin a chur ar neamhní agus / nó fad an téarma príosúin a laghdú.

Dúirt an Breitheamh Aileen Donnelly nach bhféadfaí breathnú ar ionsaí gnéasach ar dhuine atá ina chodladh mar mhionionsaí gnéasach.

De dhéanta na fírinne, d'fhéadfaí breathnú air ó thaobh an íospartaigh de, a dúirt an breitheamh, mar eachtra uafáis.

Ní raibh aon ghlacadh ag an gcúirt ach an oiread, arsa an Breitheamh Donnelly, leis an áitiú gur mhaolaigh an caidreamh collaí a bhí ag an mbeirt le chéile roimh an ionsaí, gur mhaolaigh sé sin tromhchúis na coire.

Bhí sé á mhaíomh ag Micheál Ó Leidhin go raibh comhthoil intuigthe ann mar gheall ar an réamhchaidreamh seo.

Dúirt an breitheamh, ámh, go bhfuil sé de cheart ag gach duine glacadh leis go bhfuil siad sábháilte nuair atá siad ina gcodladh.

Thug an Breitheamh Donnelly le fios chomh maith nár léir don chúirt go raibh aon bhonn leis an maíomh nár thug an breitheamh sa triail dóthain airde ar imthosca maolaitheacha an cháis.