Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit sa Roinn Airgeadais Seán Fleming nach bhfuil rún ag an Rialtas teorainn a chur leis an líon dídeanaithe ón Úcráin a thagann isteach sa Stát.

Inné, d'iarr comh-Fhianna Fáileach Sheáin Fleming, an Teachta Dála i gCo an Chláir Cathal Crowe, d'iarr sé ar an Rialtas a leithéid de theorainn a thabhairt isteach ar an mbonn nach bhfuil sé d'acmhainn ag an tír seo freastal mar is cuí ar a bhfuil ann de dhídeanaithe cheana féin.

Bheadh beart mar é ag teacht salach, áfach, ar pholasaí an Rialtais agus ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh.

Go deimhin, tá sé tugtha le fios go neamhbhalbh cheana ag an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar nach gcuirfidh an Rialtas aon teorainn leis an líon dídeanaithe ón Úcráin.

Ina cheann sin, de réir threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Shealadach, tá dualgas dlíthiúil ar Éirinn glacadh le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

Mar sin féin, dúirt Cathal Crowe gur stuama an beart é teorainn a thabhairt isteach ó tá cuid de dídeanaithe atá anseo cheana ag cur fúthu i bpubaill nó in aerfoirt.

Ina fhianaise sin, arsa sé, ní féidir a rá go bhfuiltear ag tabhairt aire mhaith dóibh de réir mar threoraíonn an tAontas Eorpach.

Ag labhairt dó ar RTÉ inniu, dúirt Cathal Crowe gur cuireadh fáilte chroíúil roimh Úcránaigh i gCo an Chláir le deich éigin mí agus go gcuimsíonn siad 3% de dhaonra an chontae anois.

Ní mór a chinntiú, áfach, go dtagann an líon daoine a lonnaítear in áit le hacmhainn na háite ó thaobh seirbhísí sláinte, oideachais agus cóiríochta de, arsa sé.

Dúirt sé go gcreideann sé go bhfuiltear bailithe thar an acmhainn sin in áiteanna i gCo an Chláir.