Mhoilligh an ráta boilscithe bliantúil sa limistéar euro an mhí seo, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh Eurostat.
10% a bhí sa ráta boilsicithe i mí na Samhna le hais 10.6% i nDeireadh Fómhair.
Is é costas fuinnimh thar aon ní eile is cionsiocair leis an ráta boilscithe trí chéile a bheith chomh hard ar na saolta seo, ach tá léar dóchais sna figiúirí is deireanaí i dtaca leis sin de.
Tharla sé gur ísligh ráta boilscithe táillí fuinnimh go 34.9% an mhí seo ó 41.5% an mhí seo caite.
Os a choinne sin, áfach, tháinig ardú ar ráta boilscithe praghsanna bia ó 13.1%. go 13.6%.
Ní raibh aon athrú ar phragsanna earraí tionsclaíocha ná seirbhísí.
Nuair a chuirtear fuinneamh agus bia as an áireamh, 5% a bhí sa chroíráta boilscithe an mhí seo - mórán mar a bhí i nDeireadh Fómhair.
Tuigtear go n-ardóidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis arís eile an mhí seo chugainn mar chuid dá straitéis eacnamaíochta le dul i ngleic leis an ráta ard boilscithe.
Níl sé soiléir fós cé acu ardú 0.5% nó 0.75% a bheas i gceist.
Is é an tuiscint choitianta i measc eacnamaithe nuair a ardaítear rátaí úis go laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas go moillíonn an ráta boilscithe.