Tá iarratas déanta ag na Gardaí ar an bpobal an athuair cuidiú leo an té a mharaigh Eileen Costello O'Shaughnessy i nGaillimh 25 bliain is an lá inniu a thabhairt chun an dlí.

Tiománaí tacsaí 47 bliain d'aois ab ea Eileen Costello O'Shaughnessy agus creidtear gur ionsaíodh go brúidiúil í tar éis di paisinéir a thógáil oíche an 30 Samhain 1997.

Is ag obair do Galway Taxis a bhí sí agus díreach roimh 8 a chlog an oíche úd, chuir sí in iúl do lucht na hoifige go raibh sé ag dul i gcoinne paisinéara i mBaile Chláir.

Ní bhfuarthas aon scéala uaithi ina dhiaidh sin.

Fuarthas an tacsaí tréigthe ar an taobh thuaidh de chathair na Gaillimhe i dtaca an mheán oíche ach ní raibh tásc ná tuairisc uirthi féin.

Tháing a tásc an lá dar gcionn, áfach, nuair a fuarthas a corp in áit chúlráideach i mbaile fearainn Chnoc Tua Mór idir Gaillimh agus Tuaim.

Nochtadh leac chuimhneacháin in onóir Eileen Costello O'Shaughnessy i nGaillimh inniu

Ainneoin mhórfhiosrúchán na nGardaí ag an am, níor cuireadh an dlí ar aon duine riamh faoi dhúnmharú Eileen Costello O'Shaughnessy.

Deir na Gardaí go deimhin go bhfuil an fiosrúchán fós oscailte.

Tháing gaolta, cairde agus comhghleacaithe Eileen le chéile i nGaillimh ar maidin inniu, mar a nochtadh leac chuimhneacháin ina honóir.