Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go maolófar na teorainneacha agus srianta eile a cuireadh le tuarastail agus bónais i mbainc na tíre le linn na géarchéime airgeadais os cionn deich mbliana ó shin.
Is é an tAire Airgeadais Paschal Donohoe a chuir an moladh faoi bhráid an Rialtais inniu.
De thoradh an chinnidh glacadh leis an moladh, beidh cead feasta ag na bainc bónais suas le €20,000 a íoc lena bhfostaithe.
Cuirfear ar neamhní freisin na srianta a bhí ar shochair eile, leithéidí aráchais sláinte agus cúraim leanaí.
I gcás Bhanc na hÉireann, cuirfear deireadh chomh maith leis an srian €500,000 ar thuarastail. Sin mar gheall nach bhfuil aon sciar níos mó ag an Stát sa bhanc sin.
Nuair a laghdófar tuilleadh sciar an Stáit in AIB agus Permanent TSB, cuirfear deireadh leis an srian ar thuarastail sna bainc sin leis.
Tugadh na srianta isteach os cionn deich mbliana ó shin nuair a tháinig mí-iompar roinnt baincéirí sinsearacha chun solais.
Le tamall, áfach, tá na bainc ag achainí ar an Rialtas na srianta a mhaolú - nó a chealú - ar an mbonn nach bhfuil sé d'acmhainn acu dul in iomaíocht le forais airgeadais eile dá mbarr.
Thug an Stát €64 billiún do na bainc lena dtarrtháil nuair a chlis an margadh tithíochta os cionn deich mbliana ó shin.
Is é polasaí an Rialtais anois sciartha i bhforais airgeadais a thóg an Stáit ar láimh an tráth úd a dhíol.
Chuir an ceardchumann Aontas Seirbhísí Airgeadais fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu agus dúirt go mbainfeadh gnáthoibrithe bainc sochar as na srianta a bheith maolaithe.