Tá bean ar goideadh bonn óir iománaíochta Chraobh na hÉireann a hathar óna teach ag achainí ar na ropairí a chroch leo é a thabhairt ar ais.

Bhí Dáithí de Paor nach maireann ar dhuine de bháireoirí Phort Láirge a bhuaigh Craobh na hÉireann ar an 5 Meán Fómhair 1948.

Bhí an bonn a bronnadh air i bPáirc an Chrócaigh an lá úd i seilbh a iníne Siún O'Mahoney agus bhí sé i dtaisce ina teach aici.

Briseadh isteach sa teach i bhFearann an Tréin, Maolán na nGabhar, Co Loch Garman, tráthnóna Dé hAoine seo caite, áfach, agus bhí an bonn i measc na nithe a sciobadh.

Dúirt Siún O'Mahoney gur fear dílis Chumann Lúthchleas Gael a bhí ina hathair agus gur oil sé a chlann le grá don spórt.

Thug sí le fios go gcaitheadh sí féin an bonn faoina muineál ag cluichí Gaelacha in onóir a hathar.

Séad fine nach féidir luach a chur air atá sa bhonn, ar sí, agus bhí sí lena sheachadadh ar an gcéad ghlúin eile ina diaidh.

D'iarr sí ar dhaoine a mbeadh aon eolas acu ar an tuairim áite a bhfuil an bonn teacht chun cainte léi nó teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí.