Tá téarma príosúin ocht mbliana gearrtha ar fhear 35 bliain d'aois a thug airgead do mhná as ligean dó drochúsáid ghnéasach a thabhairt dá leanaí.

Dúirt an Breitheamh Elva Duffy faoi Timmy Duggan as Eanach, Trá Lí, Co Chiarraí, go raibh sé cleasach agus glic sa chaoi ar fhéach sé le leanaí óga a mhealladh.

Go deimhin, arsa an breitheamh, bhí na teachtaireachtaí idir Duggan agus máthair dhuine de na leanaí siabhránach, gráisciúil agus fíor-mhíthaitneamhach.

Ghlac an breitheamh leis gur chomhoibrigh Duggan leis na Gardaí ach dúirt sí go gcaithfeadh sí cur san áireamh - agus fad an téarma príosúin á mheas aici - go raibh na coireanna chomh tromchúiseach agus go ndearna sé an oiread acu i gcaitheamh roinnt blianta.

Mar sin féin, dúirt an breitheamh go gcuirfeadh sí an bhliain dheireanach den téarma ocht mbliana ar fionraí.

Cé nárbh iad na coireanna ba ghránna dá gcineál iad, a dúirt sí, bhí imní uirthi go bhféadfadh an ciontóir a leithéid a dhéanamh arís. Is cosúil, ar sí, nach bhfuil léargas ceart aige fós ar a ndearna sé.

Iarbhainisteoir i siopa miondíola agus iarchuradh badmantain is ea Timmy Duggan.

Ciontaíodh é sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i dTrá Lí Déardaoin seo caite i gcoireanna éagsúla a bhain le drochúsáid ghnéasach leanaí.

Sa chúirt inniu chomh maith, gearradh trí bliana príosúin ar bhean a sheol pictiúir dá leanaí nochta chuig Duggan ar airgead. Cuireadh leath an téarma ar fionraí.

Sé bliana agus naoi mbliana a bhí na leanaí ag an am.

Dúirt an Breitheamh Duffy gur dhíol an bhean a leanaí le Duggan nuair ba chóra di a bheith á gcosaint.

Feall ar iontaoibh den chineál is bunúsaí a bhí ann, arsa an breitheamh.