Tá rún ag an gcomhlacht miondíola Aldi aon ollmhargadh déag nua a oscailt i mBaile Átha Cliath as seo go ceann cúig bliana.
Níl an togra ach ina fhíorthús agus tá an comhlacht fós ag breathnú ar 25 suíomh a bhféadfaí na hollmhargaí nua a thógáil orthu.
Mar sin féin, tá sé deimhnithe gur i mBaile Adaim in iarthar an chontae a bheas ceann de na siopaí nua.
Deir Aldi go gcuirfear 550 post tógála ar fáil idir seo agus 2027, chomh maith le 350 post lánaimseartha nuair a osclófar na siopaí.
€73 milliún atá le hinfheistiú ag an gcomhlacht sa togra.
Tá 4,650 duine fostaithe i 154 siopa agus ionaid eile Aldi ar fud an Stáit. Is i mBaile Átha Cliath atá 24 de na siopaí sin.
Bhí láimhdeachas os cionn €2 bhilliún ag Aldi sa Stát anuraidh, sin €23 milliún - nó 1% - níos mó ná an bhliain roimhe sin.
Fógraíodh inniu freisin go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht mearbhia Wendy's bialanna a oscailt in Éirinn ach ní dúradh cén uair.