Ghabh drochbhail ar bhuachaill naoi mbliana d'aois nuair a d'ionsaigh madra é i gCo Loch Garman inné.

Tuigtear gur thug an madra fogha faoin mbuachaill agus é ag súgradh in éineacht lena chairde ar fhaiche in eastát tithíochta in Inis Córthaidh tráthnóna inné.

Tháinig comharsana i gcabhair ar an mbuachaill agus d'éirigh leo an madra a shracadh de.

Chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis ar an mbuachaill ar an láthair agus tugadh é ina dhiaidh sin ar héileacaptar go hOspidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.

Deirtear gur bhain drochghortuithe dó, áfach, agus go bhfuil sé go dona tinn.

Cineál tarbh-bhrocaire a bhí sa mhadra ar le duine de chomharsana an bhuachalla é.

Mharaigh na húdaráis an madra i ndiaidh an ionsaithe.