Bhí cruinniú ag beirt Airí Rialtais - Paschal Donohoe agus Roderic O'Gorman - le háitritheoirí an Phoirt Thoir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath leis an gconspóid faoi chóiríocht a chur ar fáil do dhídeanaithe sa cheantar a phlé.

Tá na dídeanaithe ag cur fúthu i seanfhoirgneamh Bhord Soláthair an Leictreachais ar Bhóthar an Phoirt Thoir.

Bhí roinnt léiristhe taobh amuigh den fhoirgneamh le seachtain.

Thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios gur thóg na háitritheoirí ceisteanna tábhachtacha agus cigilteacha sa chruinniú.

Dúirt sé gur chuir siad an imní a bhí orthu in iúl go hoscailte agus go stuama agus gur gheall sé dóibh go ndéanfadh sé a dhícheall dul i ngleic leis an gceist.

Dúirt urlabhraí an Aire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman gur thug seisean cuntas do na háitritheoirí sa chruinniú ar pholasaí an Rialtais leas a bhaint as seanfhoirgnimh le cóiríocht a chur ar fáil do dhídeanaithe.

Thug sé eolas dóibh freisin, a dúradh, ar na tacaíochtaí atá á dtairiscint do phobal an cheantair [chun an t-athrú ina measc a láimhseáil].

Níos túisce inniu, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go raibh na Gardaí ag coinneáil súil ar a bhfuil á fhoilsiú ar líne ag daoine maidir leis an gconspóid.