11,397 duine a bhí ag baint fúthu i lóistín éigeandála an mhí seo caite, sin an líon is mó a taifeadadh riamh sa Stát.

Is ardú 1.6% é ón mí roimhe sin, tráth a raibh 10,975 duine ina gcónaí i lóistín éigeandála.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta, cuireadh cóiríocht éigeandála ar fáil do 7,917 duine fásta agus 1,601 teaghlach - 3,480 leanbh ina measc - in áiteanna éagsúla ar fud na tíre i mí Dheireadh Fómhair.

Dúirt David Carroll ón gcarthanas tithíochta Depaul nach údar iontais - ná fiú údar scéine - níos mó na figiúirí a bheith ag ardú gach mí.

Is údar aiféala é mar sin féin, ar sé, agus níor chóir go mbeadh aon ghlacadh leis an méid sin daoine a bheith i dtaobh le cóiríocht éigeandála.

Dar leis chomh maith nach raibh sa mhaolú ar an ngéarchéim lóistín le linn na paindéime Covid-19 ach seal, ar seal é a chuir cluain ar dhaoine.

Athbhreithniú agus athrú ó bhonn ar chuspóirí agus struchtúir an Stáit maidir le tithíocht shóisialta a theastaíonn anois, arsa an Cearbhallach.

Ní mór do ghníomhaireachtaí Stáit tús áite a thabhairt feasta do thithíocht shóisialta - thar aon chineál eile tithíochta - agus iad ag breathnú ar chúrsaí soláthair, a dúirt sé.