I gcúirt i mBéal Feirste, ciontaíodh iarshaighdiúir in Arm na Breataine i ndúnorgain Aidan McAnespie, fear óg Caitliceach a lámhachadh ag seicphointe míleata i gCo Thír Eoghain beagnach 35 bliain ó shin.

D'admhaigh an saighdiúir David Holden, Sasanach 52 bliain d'aois, gurbh é ba chionsiocair le marú Aidan McAnespie, a bhí 23 bliain, ar an 29 Feabhra 1988 ach mhaígh sé nárbh in aon turas é.

Thug David Holden le fios sa triail go raibh a lámha fliuch ag an am agus gur de thaisme a scaoil sé trí philéar as meaisínghunna trom a bhí sé a láimhseáil ag an seicphointe.

Dúradh gur bhuail na trí philéar an bóthar, gur athscinn siad agus gur bhuail ceann acu Aidan McAnespie sa droim.

Dúirt an Breitheamh John O'Hara sa chúirt inniu gur thug David Holden cuntas bréagach ar ar tharla agus rialaigh sé gur dúnorgain le teann mórfhaillí an bhí ann.

David Holden taobh amuigh den chúirt i mBéal Feirste níos luaithe i mbliana

Bhí Aidan McAnespie díreach tar éis siúl tríd an seicphointe in Achadh na Cloiche agus é ar a bhealach chuig cluiche peile trasna na teorann i gCo Mhuineacháin.

Ghearáin sé go minic roimh a mharú go raibh saighdiúirí na Breataine á chiapadh go rialta.

Cúisíodh David Holden i ndúnorgain Aidan McAnespie i dtosach i 1988 ach tarraingíodh an chúis siar i 1990 sular cuireadh tús lena thriail.

Rinneadh athbhreithniú ar an gcás ar iarratas mhuintir McAnespie agus cinneadh in 2016 an dlí a chur arís ar an saighdiúir.