Tá fear 54 bliain d'aois gafa agus á cheistiú faoi ghaireas pléascach a fágadh taobh amuigh de stáisiún póilíní i gcathair Dhoire an deireadh seachaine seo caite.
Tá an fear, arb as Dún Geimhin i gCo Dhoire dó, á cheistiú i stáisiún póilíní Musgrave i mBéal Feirste, ós ann atá bleachtairí a fhiosraíonn coireanna is troiméisí bunaithe.
Ag thart ar 10.30 oíche Dé Domhnaigh seo caite, stop triúr fear a raibh púicíní orthu fear seachadta i gceantar Churraigh an Iarainn in oirdheisceart chathair Dhoire.
Chuir siad gaireas pléascach i ngluaisteán an fhir, agus chuir siad iallach air tiomáint go dtí an stáisiún póiliní i dTaobh an Uisce sa chathair agus an gluaisteán a fhágáil taobh amuigh den áit.
Níor phléasc an gaireas agus síleadh ar an gcéad dul síos gur gaireas bréige a bhí ann.
Dearbhaíodh ina dhiaidh sin nárbh ea, áfach, agus gurbh amhlaidh a bhí daoine i mbaol dá bharr.
Ní raibh páistí sa cheantar in ann dul ar scoil ar maidin Dé Luain mar gheall ar an dianslándáil a bhí curtha i bhfeidhm thart ar an stáisiún póilíní tar éis na heachtra.
Cáineadh an gníomh go forleathan agus glactar leis gurb iad an dream a dtugtar an tIRA Nua orthu a bhí freagrach as.