Tá sé tugtha le fios ag an gComhlachas Altraí Síciatracha go bhfuil 700 folúntas altranais i seirbhísí meabhairshláinte ar fud na tíre.

Maíonn an ceardchumann go bhfuil easpa foirne ag cur as go mór do sheirbhísí i ngach cearn den tír.

Ní hé amháin nach féidir altraí síciatracha a earcú ach ní féidir iad a choinneáil, dar le hard-rúnaí an chumainn Peter Hughes.

Táthar i gcleith le ragobair agus foireann a chuireann gníomhaireachtaí sláinte ar fáil, a dúirt sé.

Is cosúil, áfach, nach bhfuil iontusan ach sceach i mbéal bearna, bearna a bhristear go rialta dá hainneoin.

Cuir i gcás, arsa Peter Hughes, dúnadh aon leaba dhéag in Ospidéal Ghort na Silíní i mBaile Átha Cliath agus sé leaba dhéag in Ospdéal San Séamas le mí go leith.

Mar bharr ar an olc, a dúirt sé, ní dóichí go gcuirfear na leapacha sin ar fáil arís go brách.

Ina cheann sin, bhí seirbhísí meabhairshláinte Linn Dara - seirbhísí faoi leith do leanaí agus aosánaigh - bhí siad le cur ar fáil arís dhá mhí ó shin ach táthar fós ag fanacht leo, a dúirt Peter Hughes.

Mhaígh sé go bhfuil próiseas earcaíochta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an-mhall agus go mbíonn bearna ocht mí go minic idir fhógra earcaíochta agus chéad lá oibre altra.

Ní mór freisin, dar le Peter Hughes, dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála agus lóistín fóirdheontais a chur ar fáil d'altraí síciatracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i mbailte móra eile.