Tá an Rialtas ag achainí arís ar dhaoine tithe díomhaoine a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin.
Tá feachtas nua le seoladh ag an Rialtas i gcomhar leis na húdaráis áitiúla féachaint le cur ina luí ar dhaoine tithe nach bhfuil cónaí lánaimseartha iontu a thabhairt ar láimh go sealadach.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman gurbh áil leis an Rialtas daoine a chur leithéidí tithe saoire ar fáil go ceann sé mhí ar a laghad.
Thug an tAire O'Gorman le fios go n-íocfaí €800 sa mhí saor ó cháin do dhaoine a chuirfeadh tithe folmha ar fáil faoi thuairim lóistín do dhídeanaithe.
Dúirt sé freisin go raibh oibleagáid mhorálta agus dhlíthiúil ar an Stát dídean a thabhairt do dhaoine a gcuirtear géarleanúint orthu ina dtír féin.
Thrácht an tAire O'Gorman chomh maith ar na hagóidí a bhí ar siúl le gairid ar an bPort Thoir i mBaile Átha Cliath in aghaidh lóistín a chur ar fáil do dhídeanaithe sa cheantar sin.
Dúirt sé go mbeadh sé ag plé na ceiste le muintir na háite go luath le súil iad a chur ar a suaimhneas faoi líon na ndídeanaithe a bheas ina gcónaí ansin agus faoin bhfad a bheas siad ann.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, tá lóistín tugtha ag an Stát agus ag gnáthphobal na hÉireann do 46,000 Úcránach ó rinne an Rúis ionradh ar a dtír dhúchais i dtús an earraigh.
Tá 18,000 eile ag baint fúthu in áiteanna eile sa Stát, a dúradh.