Dealraítear nach gcuirfear tús le hionchoisne nua faoi thubaiste an Stardust go dtí Aibreán na bliana seo chugainn ar a luaithe.

Ag éisteacht réamh-ionchoisne inniu, dúirt Príomh-Chróinéir Dhúiche Bhaile Átha Cliath an Dr Myra Cullinane go bhféadfadh sé go n-iarrfaí ar os cionn 300 duine fianaise a thabhairt agus go mbeadh obair mhór le déanamh roimh ré mar gheall ar an líon mór finnéithe.

Thug an Dr Cullinane le fios, go deimhin, go mb'fhéidir go dtógfadh sé suas le 20 seachtain an obair ullmhúcháin ar fad a chur i gcrích.

Tá an cheist le criathrú tuilleadh ag éisteacht eile an mhí seo chugainn.

Maraíodh 48 duine óg de bharr dóiteáin i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Lá San Vailintín i 1981.

I ndiaidh na héisteachta inniu, dúirt Antoinette Keegan, ar cailleadh beirt deirfiúracha léi sa dóiteáin, go raibh beagán díomá uirthi faoin moill ach go raibh sí sásta a chloisteáil, mar sin féin, go mbeadh ionchoisne nua ann ar deireadh.

Tá sí dóchasach freisin, a dúirt sí, go bhféadfaí tús a chur leis an ionchoisne mí nó dhó roimh an Aibreán.

I Seomra na gColún sa Rotunda ar Shráid Parnell a bhí an éisteacht ar siúl inniu.

Thug Antoinette Keegan, gaolta eile na marbh agus iar-chomhfhreagraí le RTÉ Charlie Bird, thug siad meirge mór cuimhneacháin chomh fada leis an Rotunda sular thosaigh an éisteacht.

Tá súil acu an meirge a cheangal de ráillí an Rotunda fad is a mhairfeas an t-ionchoisne.