Tuairiscítear ón Úcráin go bhfuil mórcheantar Chív - an chathair san áireamh - fágtha gan aon chumhacht aibhléise tar éis d'fhórsaí Rúiseacha an áit a thuairgneáil le diúracáin an athuair.

Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar sibhialta an réigiúin de chionn ionsaithe na Rúiseach, a dúradh, agus thug Méara Chív Vitali Klitschko le fios gur gearradh soláthairtí uisce chomh maith leis an leictreachas.

Ina cheann sin, tuairiscítear gur maraíodh triúr ar a laghad agus gur donaíodh seisear sa bhuamáil.

Is mór an buille chomh maith dhá chumhachtstáisiún núicléacha i ndeisceart agus in iarthar na hÚcráine a bheith curtha as feidhm - go sealadach ar aon chor - ag ruathair na Rúiseach.

Tá líonraí leictreachais na Moldóive agus limistéar féinrialaitheach na Tras-dnístria ar theorainn thiar na hÚcráine, tá siad féin nasctha le líonraí na hÚcráine agus tuairiscítear nach bhfuil aon chumhacht sa dá áit sin ach oiread.

Tá 4,000 ionad speisialta le bunú ar fud na hÚcráine, mar a bhfóirfear ar leatrom na mbocht agus a gcuirfear riar a riachtanais ar fáil dóibh saor in aisce.

Féadfaidh daoine a ngoradh a dhéanamh sna hionaid speisialta seo; beidh solamar bia ar fáil iontu, chomh maith le cóir leighis - má theastaíonn a leithéid - agus gléasanna cumarsáide.

Chuige sin, tá Rialtas na hÚcráine tar éis barr ar 8,000 gineadóir cumhachta a iompórtáil agus tá súil gur leor an líon sin le daoine a chur thar an ngátar i gcaitheamh an gheimhridh.