Tá an fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i gCo Mhuineacháin.

Deimhníodh ar maidin inniu go bhfuil an fliú éanúil tolgtha ag turcaithe ar fheirm gar don áit ar sonraíodh an chéad ráig den aicíd sa chontae an geimhreadh seo deich lá ó shin.

Bhí na turcaithe sa chéad ealta sin á réiteach do mhargadh na Nollag ach b'éigean gach ceann acu a dhíothú.

Cuireadh limistéar cosanta trí chiliméadar timpeall ar an bhfeirm úd agus dhearbhaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go leathnófaí an limistéar i bhfianaise na ráige is deireanaí.

De réir gnáis, díothaítear turcaithe a bhfuil an fliú éanúil ina measc, agus sciúrtar agus díghalraítear an fheirm féachaint le scaipeadh an ghalair a chosc.

Ina theannta sin, ní bhíonn cead éin a thogáil ar an bhfeirm a bhíonn i gceist go ceann thart ar 30 lá ina dhiaidh sin.

Ag labhairt dó sa Seanad, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue go bhfuil sé dóchasach nach mbeidh turcaithe gann faoi Nollaig ainneoin an scéil is deireanaí.

Tar éis an tsaoil, a dúirt sé, níl i gceist ach dhá fheirm agus thart ar 8,000 turcaí. Ní mór an méid é i gcomhthéacs na hearnála trí chéile, ar sé.

Is i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin a tháirgítear 75% de thurcaithe na tíre seo.

Níor tuairiscíodh riamh ach an fíor-chorrchás den fhliú éanúil a bheith tolgtha ag daonnaithe.