Tá sé tugtha le fios ag an Dr Gabriel Scally go bhfuil an leathchéad moladh a rinne sé ceithre bliana ó shin maidir le clár scagthástála ceirbheacs an Stáit a fheabhsú, go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm tríd is tríd.

Dar leis an Dr Scally go bhfuil "dul chun cinn suntasach" déanta ó rinne sé na moltaí sa tuarascáil chuimsitheach a foilsíodh in 2018 i dtaobh na conspóide a bhain leis an gclár scagthástála, dá ngairtear CervicalCheck.

Ag preasócáid i mBaile Átha Cliath inniu, mhaígh an Dr Scally gur thuig sé go maith ag an am nach mbeadh sé éasca a chuid moltaí a chur i ngníomh.

Ina fhianaise sin, a dúirt sé, tá sé thar a bheith sásta gur bunaíodh coiste comhairleach náisiúnta um scagthástáil gan mórán moille - mar a bhí molta aige - agus go bhfuil sé mar ghnás ag an gcoiste sin miontuairiscí cruinnithe a fhoilsiú gan ceo mairge ná siléige.

Ní dea-scéal ar fad é, áfach, agus sa tuarascáil monatóireachta a d'fhoilsigh sé inniu, tarraingíonn an Dr Scally aird ar an "easpa dul chun cinn" i dtaca le ceisteanna eile de.

Dúirt sé gur den riachtanas é dualgas a leagan ar an lucht leighis agus oibrithe eile sláinte a bheith ionraic agus labhairt go hoscailte le hothair.

Ar an drochuair, ar sé, breathnaítear ar oscailteacht i gcónaí mar rogha.

Is locht é freisin nach bhfuil aon chóras gearán ann, arsa an Dr Scally, agus bítear ag brath an iomarca ar na cúirteanna le ceisteanna faoi chúram cliniciúil a réiteach.

Mhol sé an plean seirbhísí scagthástála a chur ar fáil in Ospidéal an Choim i mBaile Átha Cliath ach dúirt nár mhór seirbhís thánaisteach a bhunú in áit éigin eile freisin ar fhaitíos go ndéanfaí cibirionsaí ar an ospidéal sin mar a rinneadh anuraidh.