Tá beagán le cois 67,000 scoláire ag fáil a gcuid torthaí Teastais Shóisearaigh ó mhaidin inniu, cúig mhí tar éis dóibh na scrúduithe a dhéanamh.
Daltaí scoile is ea a bhformhór mór, ach tá 176 mac léinn lánfhásta ina measc freisin.
Seo iad na chéad torthaí Teastais Shóisearaigh a eisíodh le trí bliana ó cuireadh scrúduithe Stáit i scoileanna ar ceal le linn na paindéime Covid-19.
Thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit le fios gurbh í an díobháil scrúdaitheoirí ba chionsiocair leis an moill na torthaí a eisiúint.
É sin ainneoin gur ardaíodh rátaí pá na scrúdaitheoirí i mbliana. Ardú idir 17% agus 57% ó ábhar go hábhar a bhí i gceist.
Bhí titim 14% ar an líon scrúdaitheoirí a bhí ar fáil i mbliana i gcomórtas le 2019, a dúirt an Coimisiún, ach bhí ardú 4% ar an líon iarrthóirí.
I gcaitheamh na ndeich mbliana ó 2012, go deimhin, bhí titim 19% ar an líon scrúdaitheoirí agus ardú 11% ar an líon iarrthóirí.
Ní hé sin an scéal ar fad, ámh, dar leis an gCoimisiúin, ó tá an díobháil múinteoirí ag cur as don chóras oideachais trí chéile, seachas ag am scrúduithe amháin.
Ar maidin agus tráthnóna inniu atá na torthaí á dtabhairt do na scoláirí. Is féidir iad a fháil ar líne chomh maith óna 4 a chlog tráthnóna.
Má chreideann aon scoláirí nach ndearnadh an chóir leo, is féidir leo achomharc a dhéanamh idir seo agus Dé Céadaoin seo chugainn.
Bhi scrúduithe Teastais Shóisearaigh na bliana seo bunaithe ar an seanchuraclam. De réir an churaclaim leasaithe nua a leagfar amach na scrúduithe feasta.