Tá bata agus bóthar tugtha ag an bPápa Proinsias do cheannairí uile charthanas domhanda na hEaglaise Caitlicí Caritas Internationalis.

Baineann an scéal le líomhaintí faoi dhrochíde béil, fabhraíocht agus míbhainistiú acmhainní daonna sa charthanas.

Tá coimisinéir ceaptha ar bhonn sealadach ag an bPápa nó go gceapfar feidhmeannaigh nua.

Cónaidhm de 162 carthanas i mbreis agus 200 tír - Éire ina measc - is ea Caritas Internationalis.

Is sa Róimh atá ceannáras na heagraíochta.

Is seirbhísí fóirithinte, forbartha agus sóisialta a chuireann Caritas ar fáil agus tá os cionn milliún duine ag obair dó, idir fhoireann lánaimseartha agus oibrithe deonacha.

In athbhreithniú a rinne saineolaithe neamhspleácha ar an gcultúr oibre i gceannáras Caritas níos túisce i mbliana, dúradh go raibh fostaithe "míchompordach" agus go raibh "drochbhainistíocht" ar bun ann.

Dúradh go raibh easnaimh mhóra i mbainistiú agus nósanna imeachta na háite, agus go raibh an-lagmhisneach ar an bhfoireann dá mbarr.

Os a choinne sin, tugadh ardmholadh do ghnóthaí airgeadais Caritas agus dúradh gur baineadh amach aidhmeanna tiomsaithe airgid na heagraíochta de réir mar a beartaíodh.

Ba é an Filipíneach an Cairdinéal Luis Antonio Tagle uachtarán Caritas go dtí inniu ach ní raibh baint aige le gnóthaí laethúla an charthanais.

Tuigtear nach airsean ach ar an ard-rúnaí agus ar an mbord atá an milleán faoin míbhainistiú á leagan.

Is é an carthanas Trócaire craobh na hÉireann de Caritas Internationalis.

Ní fios fós, áfach, an rachaidh cinneadh an Phápa ceannasaíocht Caritas a scor, an rachaidh sin i gcion ar an eagraíocht in Éirinn.