Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ag achainí ar mhuintir na tíre a bheith spárálach an geimhreadh seo agus an oiread fuinnimh agus is féidir leo a chaomhnú.

Thug an tUachtarán Zelensky le fios go raibh leath de bhonneagar fuinnimh na hÚcráine curtha ó mhaith de bharr ionsaithe diúracán na Rúiseach.

D'iarr Volodymyr Zelensky ar an lucht gnó agus ar an bpobal trí chéile a bheith stuama agus gan breosla a chur amú.

Meastar nach mbeidh cúrsaí fuinnimh san Úcráin ina gceart arís go dtí an Márta seo chugainn ar a luaithe de chionn mhéid an damáiste atá déanta.

Fágann an scrios atá déanta ag na Rúisigh nach bhfuil aon chumhacht aibhléise ag saoránaigh i mbailte móra agus gur mór an t-iomard é ar dhaoine ar chúl éaga go háirithe a chaithfeas seiftiú dóibh féin.

Sráidbhaile i réigiún Donetsk, 21 Samhain 2022

Go deimhin, tá an scéal chomh dona i gcathair Kherson - ar dhíbír na hÚcránaigh fórsaí Rúiseacha aisti le gairid - go bhfuiltear ag cuimhneamh ar na daoine is leochailí atá tograch don fhuacht agus do ghalar a aslonnú ón áit.

Maíonn na hÚcránaigh go bhfuil na Rúisigh fós ag scaoileadh airtléire le Kherson ón taobh thoir d'Abhainn na Dnípire, mar a bhfuil siad seadaithe ó cuireadh an ruaig orthu.

Tuairiscítear é a bheith ina chogadh craorag in áiteanna in oirthear na hÚcráine, agus go bhfuil saighdiúirí coise agus aonaid airtléire i ngéariomrascáil le chéile thart ar roinnt bailte i réigiún Donetsk.