Tá moladh an Aire Sláinte Stephen Donnelly cosc a chur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine faoi ocht mbliana déag le plé i gcruinniú Rialtais inniu.

Tá sé i gceist ag an Aire freisin srianta a chur ar fhógraíocht galtoitíní.

Faoina bhfuil beartaithe aige, coiscfear fógraíocht in aice le scoileanna, ar sheirbhísí iompair phoiblí agus i bpictiúrlanna.

Gealladh i gClár an Rialtais go dtabharfaí isteacht srianta mar iad.

Tá iliomad blasanna galtoitíní ann - blasanna neamúla atá dírithe ar dhaoine óga ina measc.

De réir an Bhoird Taighde Sláinte, is dóichí faoi chúig go dtosóidh daoine a chaitheann galtoitíní, go dtosóidh siadsan thar dhaoine eile ag caitheamh tobac.

Má glactar le moltaí an Aire Donnelly sa chruinniú Rialtais inniu, meastar go gcuirfear an reachtaíocht chuí faoi bhráid an Oireachtais sa bhliain nua.

Tá leasuithe ar chúrsaí póilíneachta sa Stát le criathrú sa chruinniú chomh maith.

Pléifear moltaí cuimsitheacha ón Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee maidir le maoirseacht phoiblí níos géire a dhéanamh ar an nGarda Síochána.

Ina cheann sin, pléifear moladh teorainn a chur le hioncam comhlachtaí ginte leictreachais agus aon airgead a thuilleann siad os a chionn sin a chur sa Státchiste.

Is iad na comhlachtaí nach mbaineann leas as gás atá i gceist, de réir a bhfuil beartaithe.