Tá oifigí Twitter i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain dúnta go sealadach i bhfianaise líon na n-oibrithe a bhfuil rogha déanta acu féin éirí as a bpost. Tá go leor post ciorruithe freisin ó thús na míosa.
Tá ag géarú ar an imní go gclisfear ar an suíomh idirlín.
Tuairiscítear sna Stáit Aontaithe go bhfuil oifigí Twitter dúnta go dtí maidin Dé Luain mar tá faitíos ar bhainisteoirí go gcuirfidh fostaithe míshásta an comhlacht ó rath.
Cheana féin, tá na céadta fostaí i ndiaidh diúltú glacadh le coinníollacha oibre níos déine agus uaireanta níos faide. Tá sé ráite ag Elon Musk - úinéir nua Twitter - go dteastaíonn uaidh grúpa dígeanta fostaithe a chothú agus go scaoilfear chun bealaigh oibrithe nach léiríonn a ndílseacht.
Dé Céadaoin, scaip sé ríomhphost ar fhostaithe, inar cuireadh ceist orthu an mbéidís sásta glacadh le coinníollacha nua, nó nach mbeadh. Cuireadh fainic orthu go scaoilfí chun bealaigh na fostaithe nach raibh na coinníollacha glactha acu faoi iarnóin inné.
Tuigtear go bhfuil sé tagtha aniar aduaidh ar Elon Musk go bhfuil oiread oibrithe tar éis diúltú dóibh.
Tá an t-éileamh a rinne sé go bhfillfeadh gach fostaí ar an oifig láithreach anois curtha ar ceal aige. Chuir an fógra sin isteach go mór ar dhaoine a bhí ag obair ón mbaile.
Ghlac Elon Musk smacht ar Twitter ag tús na míosa agus tá 50% de na 7,500 post lánaimseartha sa gcomhlacht ciorruithe aige cheana féin.
Tá ag géarú ar an imní anois go gclisfear ar Twitter, i bhfianaise líon na n-innealltóirí atá tar éis an comhlacht a fhágáil.
Tá na haischlibeanna #RIPTWITTER agus #GOODBYETWITTER ag treochtáil faoi láthair, idir fhostaithe ag fágáil an chomhlachta agus úsáideoirí ag fágáil an ardáin.