Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky cuairt ar chathair Kherson i ndeisceart na tíre ar maidin inniu le comhghairdeas a dhéanamh leis na saighdiúirí a chuir an ruaig ar fhórsaí Rúiseacha as an áit.
In aitheasc a thug sé uaidh os comhair na saighdiúirí i bpríomchearnóng na cathrach, dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh na hÚcránaigh "ag dul chun cinn agus ullamh don tsíocháin."
Ghabh sé buíochas le tíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus le comhghuaillithe eile atá ag tacú leis Úcránaigh sa chogadh in aghaidh na Rúise.
Thug sé le fios gur mhór an cúnamh thar aon ní eile na córais shofaisticiúla airtléire a bhí faighte acu ó na Meiriceánaigh.
Dúirt Volodymyr Zelensky go raibh sé buíoch freisin de na sibhialtaigh a chruinnigh sa chearnóg le fáilte a chur roimhe.
Dealraítear, áfach, nach féidir leis na hÚcránaigh bua iomlán a fhógairt in Kherson go fóill.
Díreach roimh theacht chun na cathrach don Uachtarán Zelenksy agus ar chríochnú a aithisc dó, chualathas tailmeacha sliogán agus cnagarnach piléar in áiteanna éagsúla sa chathair.
Ina cheann sin, tá imní an domhain ar dhaoine go bhfaigfear amach luath nó mall go ndearna na Rúisigh coireanna cogaidh in Kherson sular thréig siad í.
Tá sé á mhaíomh ag Volodymyr Zelensky go bhfuil coirp shibhialtaigh agus shaighdiúirí faighte cheana féin sa chathair.
Níl na líomhaintí sin deimhnithe, ámh, ag an áisíneacht nuachta Reuters, dream a bhfuil cáil na barántúlachta orthu.