Tá sé maíte ag fórsaí na hÚcráine agus ag eagraíochtaí cabhrach idirnáisiúnta go bhfuil géarchéim dhaonnachta i gcathair Kherson.
Deirtear go bhfuil droch-bhail fágtha ar an áit ag na Rúisigh a d'aistharraing ansin cúpla lá ó shin.
I ndeisceart na hÚcráine atá Kherson agus deirtear nach bhfuil aon uisce ná cumhacht aibhléise fágtha san áit anois.
Tá sé ráite freisin go bhfuil soláthairtí cógas leighis agus aráin geall leis rite amach ar na daoine.
Tá an Úcráin ag maíomh gur mór an buille é do fheachtas Uachtarán na Rúise go bhfuil forlámhas caillte aige ar Kherson.
Tá an dianchogaíocht mar sin féin ag leanacht ar aghaidh i gcónaí in oirthear na hÚcráine; an Rúis ag maíomh go bhfuil trúpaí úrnua á cur aici chuig an stráice sin.
Tuigtear go dtiocfaidh Kherson agus cathracha nach í faoi thréanionsaí arís.