Deir Rialtas na hÚcráine gur gearr go mbeidh bratach na Rúiseach stríoctha agus meirge na bhfíréan tógtha i gcathair Kherson i ndeisceart na tíre.
Tuairiscítear go bhfuil saighdiúirí Úcránacha ag sealbhú na cathrach de réir a chéile tar éis do na Rúisigh rith maith a dhéanamh in áit an drochsheasaimh a chreid siad a bhí i ndán dóibh.
Lá croídhílis sa chogadh atá ann, más fíor, mar ba í Kherson an t-aon phríomhchathair réigiúnach a tháinig faoi smacht na Rúiseach ó rinne siad ionradh ar an Úcráin i dtús an earraigh.
I ráiteas, mhaígh Roinn Cosanta na hÚcráine go bhfuil amharc soiléir ag aonaid airtléire an airm ar bhealaí éalaithe na Rúiseach agus tugadh fógra d'fhórsaí an namhad gan fanacht ar bráid má tá beann ar a n-anam acu.
Dealraíonn sé nach bhfuil fonn ar na Rúisigh dul chun spairne leis na hÚcránaigh sa chuid sin den tír ar aon chor agus nach bhfuil oiread agus gasra fágtha ina ndiaidh acu.
Ina ainneoin seo, cheapfaí óna gcuid ráiteas nach mairg ar bith do na Rúisigh an ruaig a bheith curtha orthu agus nach miste leo seilbh Kherson a ligean leis na hÚcránaigh.
Dúirt Rialtas na Rúise, go deimhin, gur cuid den mháthairthír i gcónaí í Kherson, idir an chathair agus an t-oblast.
Mhaígh na Rúisigh freisin gur thug siad a dtrealamh míleata ar fad amach as Kherson agus go bhfuil gach uile phíosa agus gach uile pháirt de in ord agus in inneall.
Tuigtear go bhfuil na Rúisigh lonnaithe anois ar bhruach thoir na Dnípire díreach ar aghaidh a gcéilí comhraic Úcránacha ar an mbruach thiar.