skip to main content

Tá oibrithe áirithe de chuid Twitter - atá fostaithe i mBÁC - scaoilte chun bealaigh ag an gcomhlacht

Tá oifig Twitter sa phríomhchathair dúnta go sealadach agus níl cead ag oibrithe dul isteach inti.
Tá oifig Twitter sa phríomhchathair dúnta go sealadach agus níl cead ag oibrithe dul isteach inti.

Tá Twitter tar éis cuid dá bhfostaithe in Éirinn a scaoileadh chun bealaigh.

Cuireadh ríomhphost ar maidin chuig oibrithe áirithe i mBaile Átha Cliath, inar cuireadh in iúl dóibh go bhfuil iomarcaíocht i ndán dóibh.

Tá oifig an chomhlachta sa phríomhchathair dúnta go sealadach agus níl cead ag oibrithe dul isteach inti.

Bhí súil lena leithéid d'fhógra, i ndiaidh don úinéir nua, Elon Musk, smacht a ghlacadh ar Twitter.

Bhí sé ráite chean féin ag an mbainistíocht go gcuirfí oibrithe ar an eolas faoi 09:00 inniu am Mheirceá (nó 16:00 am na hÉireann) maidir le ciorruithe.

Bhí thart ar 500 duine fostaithe ag Twitter i mBaile Átha Cliath.

"Dhúísigh mé ar maidin don scéal nach raibh mé fostaithe sa chomhlacht níos mó", a scríobh iarfhostaí Éireannach amháin ar Twitter.

Tuigtear go bhfuil fostaithe a bhfuil iomarcaíocht i ndán dóibh glasáilte amach as córas ríomhphoist an chomhlachta, agus as córais inmheánacha eile.

Ní léir go fóill cé mhéad oibrí a scaoileadh chun bealaigh ón oifig i mBaile Átha Cliath. Ach tuigtear go bhfuil sé i gceist ag Twitter 50% dá bhfórsa oibre a chiorrú ar fud an domhain.

Deir saineolaithe ón tionscal teicneolaíochta go bhfuil ciorruithe le déanamh ar fhoirne ar leith, seachas le bheith déanta ar bhonn tíreolaíochta.