skip to main content

Mianach léirithe ag Rishi Sunak agus é tar éis an ceann is fearr a fháil ar Penny Mordaunt le Uimhir a 10 a bhaint amach.

Rishi Sunak ag tabhairt faoin obair ar maidin.
Rishi Sunak ag tabhairt faoin obair ar maidin.

Tá teacht aniar den scoth léirithe ag Rishi Sunak agus é tar éis an ceann is fearr a fháil ar Penny Mordaunt le theacht i gcomharbacht ar Liz Truss in Uimhir a 10 Sráid Downing.

Ghéill Mordaunt ag am lóin nuair ba léir go raibh rith an ráis ag Sunak, dhá mhí ó theip air sa gcoimhlint le Truss do chinnireacht an Pháirtí Caomhaigh.

Rishi Sunak agus Penny Mordaunt

Is é Rishi Sunak an chéad phríomhaire ar an Ríocht Aontaithe den chreideamh Hiondúch, an chéad duine de bhunú na hÁise, agus an fear is óige san oifig le breis is 200 bliain. 42 atá sé.

Theip ar Cheannaire Theach na dTeachtaí Penny Mordaunt tacaíocht a mhealladh ó 100 MP, an sprioc a bhí ag teastáil le comórtas idir í féin agus Sunak a chinntiú.

Ó ghéill Boris Johnson freisin sa gcoimhlint ní bheidh ar na Teachtaí anois rogha a dhéanamh agus vóta a chaitheamh, gan é ach 6 seachtainí ó toghadh Liz Truss ina príomhaire.