Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil sé ráite ag foireann fheachtais Boris Johnson lena lucht tacaíochta go bhfuil dóthain ainmniúcháin cinntithe acu lena ainm a chur ar an pháipéar ballóide do thoghchán cheannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh.
Tá líon na bhfeisirí a deir go poiblí go mbeidh siad ag tacú le Johnson fós go maith faoi bhun an 100 ainmniúchán a theastaíonn. Ainneoin sin chuir Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris teachtaireacht Whatsapp chuig a lucht tacaíochta ag rá go raibh éirithe leo an teorainn ainmniúchán a chinntiú, de réir nuachtán an Sun.
Tá sé dearbhaithe ag Rishi Sunak, an té a chuir ceann ar an cheannairc in éadan cheannaireacht Johnson i mí Iúil nuair a d'éirigh sé as a phost, go mbeidh sé san iomaíocht le theacht i gcomharbacht ar Liz Truss mar cheannaire ar an Pháirtí.
Is mian leis an iar-Aire Airgeadais an eacnamaíocht "a chur ina ceart, ár bpáirtí a aontú agus beart a dhéanamh ar son ár dtíre," a dúirt sé.
"Is tír iontach í an Ríocht Aontaithe ach tá géarchéim dhomhain eacnamaíochta amach romhainn," a dúirt sé ar Twitter.
Dúirt Sunak go bhfuil sé léirithe aige roimhe seo gur féidir leis beartais a chur i gcrích agus go bhfuil "plean soiléir aige le theacht as an tsáinn is mó ina bhfuil muid."
Fuair Liz Truss an ceann is fearr ar Rishi Sunak i dtoghchán ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh i mí Mheán Fómhair, nuair a bhí deis ag baill an pháirtí sa Bhreatain a nguth a chaitheamh maidir lena rogha ceannaire.
Cheana féin tá níos mó tacaíochta faighte ag Sunak i measc fheisirí an pháirtí ná tá ag a chéilí comhraic Penny Mordaunt agus Boris Johnson, a shíltear a fhógróidh go bhfuil rún aige dhul san iomaíocht.
D'éirigh Sunak as Rialtas Boris Johnson i mí Iúil, rud a chuir an lasair sa bharrach agus a chuir deireadh le ré chonspóideach Johnson mar cheannaire.
Penny Mordaunt
Tá an t-iar Aire Cosanta Penny Mordaunt, a bhí ar an chéad duine a dúirt go mbeadh sí san iomaíocht, i bhfad chun gcúil ar an bheirt fhear ó thaobh tacaíochta feisirí de - 21 feisire atá ag tacú lena h-iarracht i gcomparáid le 44 atá ag Johnson agus Sunak atá i bhfad chun cinn le 113, de réir an chuntais atá déanta ag an eagraíocht nuachta PA.
Dúirt Penny Mordaunt ar an chlár Sunday with Laura Kuenssberg ar an BBC gur comhghéilleadh idir Liz Truss agus Rishi Sunak a bhí inti roimhe seo agus gur oth léi anois go bhfuil an toghchán á throid ar an rogha "idir seasmhacht eacnamaíoch agus cánacha ísle."
"Ní é sin an bealach ceart le tabhairt faoin bplé - is mar a chéile an dá rud."
"Caithfidh seasmhacht a bheith agat le cánacha ísle a cheadú agus ní mór duit cánacha ísle a bheith agat le borradh a chur faoin gheilleagar agus an seasmhacht sin a chruthú."
Boris Johnson
Tá deighilt i measc chairde Boris Johnson sa pháirtí Caomhach ag a iarracht filleadh ar phost an cheannaire arís - ina measc sin tá Dominic Raab a bhí ina aire gnóthaí eachtracha agus ina leas phríomh aire faoi Johnson.
"Ní féidir linn dul chun gcúil, " a dúirt Dominic Raab agus luaigh sé go bhfuil Boris Johnson fós á fhiosrú maidir leis an bhaint a bhí aige le scannal na gcóisirí le linn na dianghlasála.
Tá Raab ag tacú le Rishi Sunak.
Is ar éigean a bhí Boris Johnson arais sa bhaile Dé Sathairn óna shaoire thar lear nuair a d'fhógair an t-iar Aire Gnóthaí Baile, Priti Patel go mbeadh sí ag tacú leis, ach baineadh cor coise as nuair a d'iarr a iar chomrádaithe páirtí Steve Barclay agus an Tiarna Frost ar chomhghleacaithe tacú le Rishi Sunak.